Ceisteanna Coitianta

Page 4 of 4 pages « First < 2 3 4

22. Cad air go cruinn a bhfuiltear ag iarraidh orm vótáil sa reifreann seo?

Táthar ag iarraidh ort an bhféadfaidh Éire an Conradh Cobhsaíochta a dhaingniú agus an bhféadfaidh an tOireachtas cibé dlíthe is gá de bharr an Chonartha a achtú. Dhéanfaí é sin trí fho-alt nua a chur isteach in Airteagal 29.4 de Bhunreacht na hÉireann. Déarfaidh sé:

“Féadfaidh an Stát an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhardú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta arna dhéanamh sa Bhruiséil an 2ú lá de Mhárta 2012 a dhaingniú. Ní dhéanann aon fhoráil atá sa Bhunreacht seo dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac an Stát de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí atá ar an Stát faoin gConradh sin a chur ó bhail dlí ná cosc a chur le dlíthe a d’achtaigh, gníomhartha a rinne nó bearta a ghlac comhlachtaí atá inniúil faoin gConradh sin ó fheidhm dlí a bheith acu sa Stát.”

23. Cad a bheidh ar an bpáipéar ballóide is mé ag vótáil?

Do shampla de pháipéar ballóide, gliogáil ar an nasc seo http://www.referendum.ie/downloads/Sample%20Ballot%20Paper.pdf

24. Cad chuige go dtagraítear sa Chonradh don tír seo mar Éire seachas mar Phoblacht na hÉireann?

Éire an t-ainm oifigiúil a úsádtear i mBunreacht na hÉireann.

Deir Airteagal 4 de Bhunreacht na hÉireann: “Éire is ainm don stat, nó, sa Sacsbhéárla, Ireland.”

Dá bhrí sinm, tagraítear d’Éirinn faoina hainm oifigiúil, Éire nó Ireland, sa Chonradh Cobhsaíochta.

25. Ar dhaingnigh aon tír an Conradh fós?

Dhaingnigh. Dhaingnigh trí thír i limistéar an euro cheana – an Phortaingéil, an Ghréig agus an tSlóivéin. Sin ceathrú an lín is gá chun an Conradh a thabhairt i bhfeidhm. Tá an próiseas daingniúcháin tosaithe ag cúig thír eile i limistéar an euro. Tá an chuid eile chun é a dhaingniú roimh dheireadh na bliana. Ach an Conradh a bheith daingnithe ag 12 thír de chuid limistéar an euro, tiocfaidh sé i bhfeidhm. Ní gá daingniú d’aonghuth.

Go dtí seo, níl ach Éire atá á dhaingniú le reifreann. Faoi láthair, tá 24 sínitheoir eile an Chonartha á dhéanamh trína bparlaimintí náisiúnta.

Seo iad na tíortha a úsáideann an euro faoi láthair: an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn.

26. An féidir le hÉirinn bunú an tSásra Eorpaigh Cobhsaíochta (SEC) a chosc?

Ní féidir le hÉirinn bunú an SEC a chosc.

Féadfar é a chur ar bun nuair a bheidh an Conradh SEC daingnithe ag Ballstáit euro arb ionann iad agus 90% de cheangaltais chaipitil an SEC. Is ionann Éire agus 1.592%.

Chomh maith leis na 17 dtír sa limistéar euro a a bhfuil Conradh bunaithe an SEC á dhaingniú acu, tá gach ceann de na 27 Ballstát i mbun an phróisis le leasú ar Airteagal 136 de na Conarthaí AE a dhaingniú, rud a phléann le socruithe an euro, lena n-áirítear go bhféadfaí sásra cobhsaíochta (ar nós an SEC) a bhunú .

Is gá formheas na mBallstát go léir chun alt 136 a leasú, ach ní réamhchoinníoll é sin chun an SEC a bhunú. An SEC a bheith curtha ar bun i mí Iúil na bliana seo, sin aidhm aontaithe rialtais an AE.

27. Cad é ról na Cúirte Breithiúnais Eorpaí sa Chonradh Cobhsaíochta?

Is in Airteagal 8 atá an t-aon tagairt amháin don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach atá sa Chonradh. Deir sé go bhféadfar tír a thabhairt os comhair na Cúirte Bhreithiúnais Eorpaí mura scríobhann sí na rialacha fiachais agus easnaimh isteach ina dlí náisiúnta féin. Má chinneann an Chúirt ina coinne, agus nach ngéilleann sí, d'fhéadfaí fíneáil.a ghearradh ar an tír.

Níl aon tagairt eile don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach sa Chonradh Cobhsaíochta.

Page 4 of 4 pages « First < 2 3 4