Ceisteanna Coitianta



Page 3 of 4 pages « First < 1 2 3 4 > Last »

15. Cathain a thiocfaidh an Conradh Cobhsaíochta i bhfeidhm?

Tiocfaidh an Conradh i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag 12 thír ó limistéar an euro. Socraíodh 1 Eanáir 2013 mar spriocdháta.

16. Cad chuige a thiocfaidh an Conradh Cobhsaíochta i bhfeidhm gan é a bheith daingnithe ag a gcuid sínitheoirí uile?

Ionas go rachaidh Conradh nua AE i bhfeidhm, is gá daingniú ó gach tír san AE, ach ní gnách a leithéid de riachtanas i gconarthaí idir-rialtasacha. Le linn na caibidlíochta a roghnaíodh an figiúr 12 don Chonradh Cobhsaíochta.

17. Chuala mé an Comhaontú Buiséadach á thabhairt ar an gConradh.Cad chuige sin?

Ní hé an Comhaontú Buiséadach ainm an Chonartha féin ach ainm Theideal III an Chonartha. Sa Chomhaontú Buiséadach leagtar amach na rialacha faoi bhuiséad comhardaithe is na forálacha ar laghdú fiachais.

18. Cad é Brollach an Chonartha?

Sa mhír sin den Chonradh leagtar amach cuspóirí ginearálta an Chonartha, an cúlra lena aontú agus an tslí a nascann sé le dlí an AE.

19. Cad é an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht?

Buanchlár maoinithe tarrthála is ea an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (SEC) agus tiocfaidh sé in ionad na Saoráide sealadaí Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais. Tá an SEC le cur ar bun in Iúil 2012 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ach é a bheith daingnithe ag tíortha a thugann 90% dá riachtanais caipitil.

20. Cad é an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht?

Ní bheidh fáil ar mhaoiniú ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (SEC) – an buanchiste maoinithe - ach ag tíortha a mbeidh an Conradh Cobhsaíochta daingnithe acu - ón 1 Márta 2013.

Deir an Conradh Cobhsaíochta:
"... go mbeidh deonú cúnaimh airgeadais faoi chreat chláir nua faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht teagmhasach, amhail ar an 1 Márta 2013, ar an gComhalta de lena mbaineann do dhaingniú an Chonartha seo…"

21. Cén gaol atá ag an gConradh seo leis na Conarthaí AE atá ann cheana?

Tá an Conradh Cobhsaíochta le cur i bhfeidhm agus le léiriú i gcomhréir leis na Conarthaí ar an Aontas Eorpach agus le dlí an AE. Baineann Airteagal 2 an Chonartha le comhsheasmhacht agus le gaol le dlí an Aontais.



Page 3 of 4 pages « First < 1 2 3 4 > Last »