Teideal 3: Comhaontú Buiséadach
AIRTEAGAL 3
-
Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha na rialacha a leagtar amach sa mhír seo i bhfeidhm, de bhreis ar a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus gan dochar do na hoibleagáidí sin:
(a) beidh riocht buiséadach rialtais ghinearálta Páirtí Chonarthaigh comhardaithe nó beidh barrachas ann;
(b) measfar go mbeidh an riail faoi phointe a) á hurramú má tá comhardú struchtúrach bliantúil an rialtais ghinearálta in ionannas lena chuspóir meántéarmach tír-shonrach mar a shainmhínítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athbhreithnithe é, agus íosteorainn easnaimh struchtúraigh ann arb é 0.5 % den olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh é. Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh cóineasú tapa ann i dtreo a gcuspóra mheántéarmaigh féin faoi seach. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an creat ama don chóineasú sin a thogradh, agus na priacail thír-shonracha maidir le hinbhuanaitheacht á gcur san áireamh aige. Déanfar meastóireacht ar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra mheántéarmaigh, agus ar urramú an chuspóra sin, ar bhonn measúnú foriomlán, agus an comhardú struchtúrach mar thagairt ina leith, lena n-áirítear anailís ar chaiteachas glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim, i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athbhreithnithe;
(c) féadfaidh na Páirtithe Conarthacha diall go sealadach óna gcuspóir meántéarmach faoi seach nó ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin in imthosca eisceachtúla, mar a shainmhínítear i bpointe (b) de mhír 3 iad, agus sna himthosca sin amháin;
(d) i gcás gur lú go suntasach ná 60 % an cóimheas idir an fiachas rialtais ghinearálta agus an olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh agus i gcás inar priacail ísle na priacail atá ann i dtéarmaí inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí, is féidir le híosteorainn an chuspóra mheántéarmaigh a shonraítear faoi phointe (b) easnamh struchtúrach 1.0 % ar a mhéid den olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh a shroicheadh;
(e) i gcás ina mbreathnófar go bhfuil dialltaí suntasacha ann ón gcuspóir meántéarmach nó ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra sin, déanfar sásra ceartúcháin a chur i ngníomh go huathoibríoch. Áireofar mar chuid den sásra an oibleagáid a bheidh ar an bPáirtí Conarthach lena mbaineann bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú thar thréimhse shainithe ama.
- Gabhfaidh éifeacht leis na rialacha a leagtar amach i mír 1 i ndlí náisiúnta na bPáirtithe Conarthacha bliain amháin, ar a dhéanaí, tar éis theacht i bhfeidhm an Chonartha seo trí fhorálacha a mbeidh feidhm cheangailteach acu agus ar de ghné bhuan iad, ar forálacha bunreachtúla de rogha iad, nó ar forálacha iad trína ráthófar ar shlí eile go n-urramófar iad go hiomlán agus go gcloífear leo go hiomlán ar fud na bpróiseas buiséadach náisiúnta. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an sásra ceartúcháin dá dtagraítear i mír 1(e) a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta ar bhonn prionsabal comhchoiteann a thogróidh an Coimisiún Eorpach, go háirithe maidir le cineál, méid agus creat ama na gníomhaíochta ceartaithí atá le déanamh, i gcás imthosca eisceachtúla freisin, agus maidir le ról agus le neamhspleáchas na n-institiúidí a bheidh freagrach ar an leibhéal náisiúnta as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar amach i mír 1. Déanfar na sainchumais atá ag na Parlaimintí náisiúnta a urramú go hiomlán leis an sásra ceartúcháin sin.
- Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal le Conarthaí an Aontais Eorpaigh.
-
Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chun críocha an Airteagail seo:
(a) tagraítear le "comhardú struchtúrach bliantúil an rialtais ghinearálta" don chomhardú bliantúil, arna choigeartú go timthriallach, agus é glan ó bhearta aonuaire agus ó bhearta sealadacha;
(b) tagraítear le "imthosca eisceachtúla" d’imeacht neamhghnách lasmuigh de rialú an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann a bhfuil mórthionchar aige ar riocht airgeadais an rialtais ghinearálta nó do thréimhsí géarthurnaimh eacnamaíoch mar a leagtar amach sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athbhreithnithe, ar an gcoinníoll nach gcuirfear inbhuanaitheacht bhuiséadach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar dhiall sealadach an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann.
AIRTEAGAL 4
Nuair is mó an cóimheas idir fiachas rialtais ghinearálta Páirtí Chonarthaigh agus a olltáirgeacht intíre ná an luach tagartha 60 % dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal (Uimh. 12) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal le Conarthaí an Aontais Eorpaigh, laghdóidh an Páirtí Conarthach sin é de réir meánráta aon fhichiú in aghaidh na bliana mar thagarmharc, mar a fhoráiltear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nóis imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011. Is de réir an nóis imeachta a leagtar amach in Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a dhéanfar cinneadh i dtaobh easnamh iomarcach a bheith ann mar gheall ar an sárú ar chritéar an fhiachais.
AIRTEAGAL 5
- Aon Pháirtí Conarthach atá faoi réir nóis imeachta um easnamh iomarcach faoi na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, cuirfidh sé clár um chomhpháirtíocht bhuiséadach agus eacnamaíoch ar bun, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar na hathchóirithe struchtúracha nach mór a chur ar bun agus a chur chun feidhme chun ceartú éifeachtach buanseasmhach ar a easnamh iomarcach a áirithiú. Déanfar ábhar agus formáid clár den sórt sin a shainiú i ndlí an Aontais Eorpaigh. Is i gcomhthéacs na nósanna imeachta faireachais atá ann cheana faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a dhéanfar na cláir sin a thíolacadh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig an gCoimisiún Eorpach lena bhformhuiniú agus a dhéanfar faireachán orthu.
- Déanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach faireachán ar chur chun feidhme an chláir um chomhpháirtíocht bhuiséadach agus eacnamaíoch, agus ar na pleananna buiséadacha bliantúla a bheidh comhsheasmhach leis.
AIRTEAGAL 6
D'fhonn an phleanáil maidir le heisiúint a bhfiachais náisiúnta a chomhordú níos fearr, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha tuairisciú ex ante ar a bpleananna eisiúna fiachais phoiblí do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach.
AIRTEAGAL 7
Agus ceanglais nós imeachta na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe á n-urramú go hiomlán acu, geallann na Páirtithe Conarthacha a bhfuil an euro mar airgeadra acu go dtacóidh siad leis na tograí nó leis na moltaí a thíolacfaidh an Coimisiún Eorpach i gcás ina measfaidh an Coimisiún Eorpach go bhfuil an critéar easnaimh a bheidh faoi chuimsiú nóis imeachta um easnamh iomarcach á shárú ag Ballstát den Aontas Eorpach a bhfuil an euro mar airgeadra aige. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina suífear i measc na bPáirtithe Conarthacha a bhfuil an euro mar airgeadra acu go bhfuil tromlach cáilithe díobh, arna ríomh de réir analaí le forálacha iomchuí na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, gan seasamh an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann a chur san áireamh, i gcoinne an chinnidh a thogrófar nó a mholfar.
AIRTEAGAL 8
- Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach tuarascáil a thíolacadh, in am is i dtráth, do na Páirtithe Conarthacha faoi na forálacha a ghlac gach páirtí acu i gcomhlíonadh ar Airteagal 3(2). Más rud é, tar éis dó an deis a thabhairt don Pháirtí Conarthach lena mbaineann a bharúlacha a thíolacadh, go mbainfidh an Coimisiún Eorpach de thátal ina thuarascáil gur mhainnigh an Páirtí Conarthach sin Airteagal 3(2) a chomhlíonadh, tabharfaidh Páirtí Conarthach amháin nó níos mó an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais. I gcás ina measfaidh Páirtí Conarthach, gan spleáchas do thuarascáil an Choimisiúin, gur mhainnigh Páirtí Conarthach eile Airteagal 3(2) a chomhlíonadh, féadfaidh sé freisin an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Sa dá chás, beidh breithiúnas na Cúirte Breithiúnais ina cheangal ar na páirtithe sna himeachtaí agus déanfaidh na páirtithe sin na bearta is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh laistigh de thréimhse a chinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais.
- Más rud é, ar bhonn a mheasúnaithe féin nó ar bhonn measúnaithe a rinne an Coimisiún Eorpach, go measfaidh Páirtí Conarthach nach ndearna Páirtí Conarthach eile na bearta is gá chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh sé an cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais agus a iarraidh go ngearrfar smachtbhannaí airgeadais i gcomhréir le critéir arna mbunú ag an gCoimisiún Eorpach faoi chuimsiú Airteagal 260 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an bPáirtí Conarthach lena mbaineann, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach is cuí sna himthosca agus nach mó ná 0.1 % dá olltáirgeacht intíre a ghearradh air. Beidh na méideanna a ghearrfar ar Pháirtí Conarthach a bhfuil an euro mar airgeadra aige iníoctha leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Is le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a dhéanfar íocaíochtaí i gcásanna eile.
- Is éard atá san Airteagal seo comhaontú speisialta idir na Páirtithe Conarthacha de réir bhrí Airteagal 273 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.



