Teideal 2: Comhsheasmhacht le Dlí an Aontais agus an Gaol Leis


AIRTEAGAL 2

  1. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an Conradh seo i bhfeidhm, agus déanfaidh siad é a léiriú, i gcomhréir leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, go háirithe Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus le dlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear dlí nóis imeachta aon uair is gá reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh.
  2. Beidh feidhm ag an gConradh seo a mhéid atá sé ag luí leis na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe agus a mhéid atá sé ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanfaidh sé cúngrú ar inniúlacht an Aontais gníomhú i réimse an aontais eacnamaíoch.
print this pagePrint Friendly Version