Dátaí Príomha


30 Eanáir 2012
D’aontaigh 25 de 27 Ballstát an AE ar an gConradh Cobhsaíochta. 

Eanáir 2012 go dtí Aibreán 2012
D’éascaigh an Comhchoiste Oireachtais ar Ghnóthaí AE díospóireacht náisiúnta ar an gConradh Cobhsaíochta a raibh polaiteoirí, comhpháirtithe sóisialta, lucht acadúil, eacnamaithe agus Ambasadóirí na mBallstát AE páirteach inti.  Rinne baill an Choiste plé le daoine a bhí ar son an Chonartha, agus ina choinne, ag breis is 24 seisiúin.

28 Feabhra 2012
D’fhógair an Rialtas go mbeadh reifreann faoin gConradh Cobhsaíochta in Éirinn.

2 Márta 2012
Shínigh 25 rannpháirtí an Conradh Cobhsaíochta go foirmiúíl.  Thosaigh próiseas an daingniúcháin. 

27 Márta 2012
D’fhógair an Rialtas dáta an reifrinn agus foclaíocht an leasaithe bheartaithe ar Bhunreacht na hÉireann. 

28 Márta 2012
Dhaingnigh an Ghréig an Conradh Cobhsaíochta (vóta parlaiminteach).

13 Aibreán 2012
Dhaingnigh an Phortaingéil an Conradh Cobhsaíochta (vóta parlaiminteach).

19 Aibreán 2012
Dhaingnigh an tSlóivéin an Conradh Cobhsaíochta (vóta parlaiminteach).

24 Aibreán 2012
Chríochnaigh an Dáil agus an Seanad a gcuid díospóireachtaí ar an mBille chun an Bunreacht a Leasú agus leis an mBille a cheadú. Ligeann sé seo don reifreann dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe. 

31 Bealtaine 2012
Beidh Reifreann an Chonartha Cobhsaíochta ar siúl agus vótálfaidh toghthóirí ar an 30ú leasú beartaithe ar an mBunreacht.

1 Meithamh 2012
Déanfar na vótaí a chomhaireamh. 

Iúil 2012
An spriocdháta a chomhaontaigh na 17 Ballstát a úsáideann an euro chun an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SEC) a bhunú. Beidh sé sin indéanta ach an Conradh leis an SEC a bhunú (nach ionann é agus an Conradh Cobhsaíochta) a bheith daingnithe ag tíortha arb ionann iad agus  90% de cheangaltais chaipitil an SEC.  Is ionann ceangaltais na hÉireann agus 1.592%.

1 Eanáir 2013
An spriocdháta le go dtiocfaidh an Conradh Cobhsaíochta i bhfeidhm, rud a tharlóidh nuair a chríochnóidh 12 de  17 ballstáit an euro an próiseas daingniúcháin. Má tharlaíonn sé sin roimh an 1 Eanáir, rachaidh an Conradh i bhfeidhm láithreach.

print this pagePrint Friendly Version