Conradh na hAirteagail i Achomair
-
Deir Airteagal 1 gur cuspóir don Chonradh an t-aontas eacnamaíoch is airgeadaíochta a neartú trí rialacha a ghlacadh le smacht buiséadach a fheabhsú is comhordú a mbeartas eacnamaíoch a neartú.
-
Soiléiríonn Airteagal 2 nach mór don Chonradh cloí le Conarthaí an AE.
-
Ceanglaíonn Airteagal 3 ar Rialtas buiséad comhardaithe nó barrachais a reáchtáil (.i. de ghnáth ní thig leis níos mó a chaitheamh ná mar a bhailíonn sé i gcánacha). Leagann sé amach i dtéarmaí teicniúla conas an riail a chur i bhfeidhm, is ceanglaíonn sé ar gach tír í a chur ina dlí náisiúnta.
-
Deir Airteagal 4 nach ceadmhach do thír fiachas breis is 60% dá dtáirgeann sí sa bhliain (a OTI) a bheith aici. Má bhíonn, ní mór di a fiachas a laghdú aon fhichiú den fharasbarr gach bliain. Sin riail AE atá ann cheana.
-
Deir Airteagal 5 nach mór do thír a bhfuil easnamh iomarcach aici (bearna rómhór idir a hioncam is a caiteachas) clár athchóirithe eacnamaíche a bhunú.
-
Deir Airteagal 6 go n-inseoidh tíortha dá chéile cathain a bheidh fúthu fiachas a eisiúint (bannaí a dhíol chun airgead a bhailiú).
-
Éascaíonn Airteagal 7 tíortha a bhriseann rialacha geilleagracha an AE a dhéanamh cuntasach, óir aontaíonn tíortha an Chonartha gníomhú le chéile is tacú leis an gCoimisiún Eorpach sa ní seo.
-
Deir Airteagal 8 go bhféadfar tír a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí mura gcuireann sí riail Airteagail 3 i bhfeidhm i gceart ina dlíthe náisiúnta. Má fhaigheann an Chúirt ina coinne, is nach ngéilleann sí, d'fhéadfaí fíneáil a ghearradh uirthi.
-
In Airteagal 9 tá aontú oibriú le chéile chun feidhmiú cuí an euro a chinntiú d'fhonn fostaíocht is cobhsaíocht gheilleagrach a chur chun cinn.
-
Deir Airteagal 10 go bhfuil na tíortha rannpháirteacha ullamh le hoibriú le chéile i ngrúpaí ar cheisteanna áirithe i gcás nach mian le cách san AE dul ar aghaidh le chéile (comhar feabhsaithe). Dhéanfaí sin ar bhonn cáis ar chás is laistigh de na rialacha AE atá ann.
-
In Airteagal 11 tá aontú ar phleananna do mhór-athchóirithe ar bheartas geilleagrach a phlé roimhré.
-
In Airteagail 12 is 13 tá socruithe le hoibriú limistéar an euro a fheabhsú, ina measc aontú go mbuailfidh Príomh-Airí lena chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad.
-
Deir Airteagal 14 go ndaingneoidh gach tír an Conradh de réir a riachtanas féin – reifreann i gcás na hÉireann. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar é a bheith daingnithe ar 12 thír ó limistéar an euro. An 1 Eanáir 2013 an spriocdháta don daingniú.
-
Forálann Airteagal 15 go bhféadfaidh tíortha eile AE glacadh leis an gConradh amach anseo.
-
Forálann Airteagal 16 go ndéanfar bearta chun an Conradh nua seo a chorprú sna Conarthaí tráth nach déanaí ná 5 bliana d'éis dó teacht i bhfeidhm.
Print Friendly Version