An Conradh agus Éire


COBHSAÍOCHT

An Conradh Cobhsaíochta, sin comhaontú idirnáisiúnta idir 25 thír Eorpacha … ina measc Éire agus gach tír a úsáideann an euro. 
Tugann sé isteach rialacha níos treise lena chinntiú go gcoinneoidh tíortha a bhfiacha faoi smacht is a mbuiséid comhardaithe.   Ní bheidh cead ag rialtais a thuilleadh i bhfad níos mó a chaitheamh ná mar a bhailíonn siad. 

CISTIÚ SA TODHCHAÍ

Beidh Éire i gclár AE/IMF go dtí 2013.   Ina dhiaidh sin, tá fúinn dul ar ais go margaí an airgid, mar is gnách.   
Dá mba ghá sin dúinn, bheimis in ann cabhair airgeadais a fháil ón mbuanchiste tarrthála nua, an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht.   Níl sé sin ar fáil ach do thíortha a dhaighníonn an Conradh

An stopfaidh rialacha an Chonartha Chobhsaíochta atarlú na géarchéime geilleagraí is fioscaí in Éirinn?

Cuid de ghrúpa pleananna agus rialacha is ea an Conradh Cobhsaíochta, a bhfuil fúthu cabhrú le téarnamh geilleagrach agus atarlú na géarchéime geilleagraí is airgeadais a bhí in Éirinn is san Eoraip le blianta beaga anuas a chosc. Air sin áirítear bearta a dhíríonn ar chobhsaíocht, is ar chomhordú agus rialachas feabhsaithe.

Is gá d'Éirinn rialacha is institiúidí fioscacha níos fearr chun a leithéid a chosc feasta; tugann an Conradh comhchreat do gach tír a dhaingníonn an Conradh seo, ina measc baill limistéar an euro.

Tá obair bhreise ar siúl d'fhonn comhrialacha AE a bhunú chun bainc a rialáil agus plé le teipeanna banc, chun ballaí dóiteáin a thógáil chun tíortha a bhfuil beartais gheilleagracha fholláine acu a chosaint agus chun tacú le tíortha atá ag fulaingt ó shuaitheadh geilleagrach.

print this pagePrint Friendly Version