Réamhrá


Déardaoin, an 31 Bealtaine 2012 tionólfar reifreann lena chinneadh an bhféadfaidh Éire an Conradh ar Chobhsaíocht , ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ("An Conradh Cobhsaíochta") a dhaingniú.  

Tá faoin suíomh gréasáin seo tú a chur ar an eolas faoi chinneadh atá tábhachtach d'Éirinn.

CAD CHUIGE AN CONRADH COBHSAÍOCHTA?

Le blianta beaga anuas, tharla géarchéim gheilleagrach thromchúiseach san Aontas Eorpach.   Rinne muintir na hÉireann agus na mballstát uile mórbhearta sa bhaile d'fhonn an ghéarchéim sin a fhreagairt.   Is iomaí beart a rinneadh ar scála uile-Eorpach chun tabhairt faoin bhfadhb, le téarnamh a spreagadh is lena chinntiú nach bhféadfaí botúin an ama atá caite a athdhéanamh.  Moltar an Conradh nua seo mar chuid thábhachtach den iarracht sin. 

Fairis sin, neartaigh an AE na rialacha geilleagracha atá i bhfeidhm, go háirithe sna tíortha a úsáideann an euro ("limistéar an euro").   Cuireadh sásraí tarrthála ar bun óna bhféadfadh Ballstáit atá i bponc, amhail Éire, iasachtaí a fháil nuair nach bhféadfaidís airgead a bhailiú sa ghnáthshlí.   D'oibir an AE chun bainc na hEorpa a chobhsú agus d'athdhírigh sé a chuid iarrachtaí lena chinntiú go bhfanfaidh fás geilleagrach is cruthú post ar bharr an chláir.   Ghlac Éire páirt iomlán san obair sin. 

Aontaíodh i mí na Nollag gur cheart cuid de na bearta sin a athneartú i dtéacs dlí nua.   Toisc nár mhian le gach Ballstát san AE páirt a ghlacadh, aontaíodh go ndéanfaí é sin le Conradh nua a bheadh lasmuigh de na Conarthaí AE atá ann. 

Sroicheadh aontú faoin gConradh Cobhsaíochta i mí Eanáir 2012.   De réir chéad airteagal an Chonartha, tá  sé de chuspóir leis "tacú le cuspóirí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach maidir le fás inbhuanaithe, fostaíocht, iomaíochas agus comhtháthú sóisialta".      Rannchuidíonn sé leis na cuspóirí sin trí rialacha buiséid (a bhfuil fúthú dea-theaghlachas a chinntiú i ngach tír) agus trí scocruithe do thíortha an euro ionas go n-oibreoidh siad i gcomhar is go dtacóidh siad lena chéile.   

CAD ATÁ SA CHONRADH NUA

Conradh gearr, diúid is ea é i gcomparáid le conarthaí Eorpacha eile.   Osclaíonn sé le "brollach" nó téacs tosaigh a ullmhaíonn an láthair do phríomhfhoralacha an Chonartha.    Soiléiríonn sé: 

Ansin tá 16 Airteagal arb iad is príomhfhorálacha don Chonradh.

print this pagePrint Friendly Version